Odaisé Chríostaí na Gaeil

Bhí leagan Gaelach ann den Odaisé sna Meánaoiseanna. Ach seachas na déithe phágánacha, tá sí faoi anáil Dhia na gCríostaí, agus is fearr Odaiséas agus an domhain fhéin mar gheall ar sin.

Caolán Mac An Aircinn do scríobh

Gleann Dá Loch.

Gleann Dá Loch.

II rith na Meánaoiseanna, mar is eol do chách, ní raibh mórán fios ag Iarthar na hEorpa ar litríocht na Gréigise. Don chuid is mó, bhí Éirinn páirteach san aineolas sin. Ach tá cúpla macallaí le sonrú i litríocht Ghaelach na Meánaoise, ina measc an Merugud Uilixis maic Leirtis, athinsint ar scéal Odaiséas. Ach ní ionann an dá scéal: seachas phágántacht an Odaisé, is léir Dia sa Mherugud, agus Faoina anáil, is fearr domhan an Mherugud agus Uilixis féin. (Sa mhéid atá thíos, déanfaidh mé tagairt don charachtar Ghaelach mar ‘Uilixis’, agus cuirfidh mé ‘Odaiséas’ ar an gcarachtar Ghréagach.)

Is í an Mherugud ceann de na leaganacha is sine dá bhfuil ann i dteanga phobail san Eoraip, ach leagan atá ann gan dabht, seachas aistriúchán! Tá an-difear ar fad idir an mbunscéal Ghréigise agus an leagan Ghaelach; cuir i gcás, tugann Uilixis cúirt ar oileán lán le caora ollmhóra, agus tugann sé cúirt ar phearsa darbh ainm ‘Breitheamh na Fírinne,’ a mheastar uaireanta gurb leagan é do Dhia. Tugann an Bhreitheamh cúpla píosa comhairle don laoch, agus nuair a leanann sé iad, tagann sé abhaile go slán.

An ghnáth-thuiscint atá ann ar na difríochtaí seo ná gurb botúin atá iontu, de dheasca aineolas nó leisce. Níl aon amhras ann nach raibh ach cuid den scéal ag údar an Mherugud, mar nach raibh léamh na Gréigise ag Gaeil na Meánaoise, agus go raibh air an scéal a fhuáil le chéile ó cibé tagairtí a bhí ann sna scéalta a bhí aige. Ach fiú ansin, d’fhág sé amach cuid den scéal: cuir i gcás, bhí leagan de scéal Chircé le fáil in Éirinnscéal a léiríonn Odaiséas mar adhaltrach—ach ní chloistear a leithéid sa Mherugud. Go traidisiúnta, déantar cur síos ar sin mar leisce ar chuid an údair, ach nílimse fhéin chomh cinnte, agus is féidir leat bheith cinnte dá ndearna Virgil nó Aescaileas rud mar sin, ní luaifear mar shampla de leisce é.

Mar a tharlaíonn, léiríonn an-chuid de na difríochtaí go maireann Uilixis i ndomhan Chríostaí agus gur fearr an duine é ná Odaiséas. Is léir go maith do léitheoir an Odaisé go bhfuil na déithe págánacha ar fud na háite agus ilchumhachtach. Ní mar aon sa Mherugud: is minic a dhéantar tagairt do na ‘déithe adhartha’ nó ‘lucht na cumhachta,’ i.e. na déithe págánacha; ach ní fheictear go fisiciúil iad in aon áit sa téacs. I gcodarsnacht, tá an Dia Críostaí, i bhfoirm Bhreitheamh na Fírinne, go mór le sonrú sa scéal. Is fearr an duine é Uilixis ná Odaiséas freisin: cuir i gcás, nuair a bhuaileann Odaiséas leis an gCioclóp, téann sé chuige sa tóir ar ór ‘s airgid, agus cailltear an-chuid dá fhir dá bharr; ní éalaíonn sé ach trí chleas a imirt ar an gCioclóp. Ar an lámh eile, deireann Uilixis lena fhir fanacht glan ó thaisce an Chioclóp; téann sé sa tóir ar an gCioclóp lena fhir a shábháil ón arracht; agus buaíonn sé ar an gCioclóp i dtroid ghlan. Ar deireadh, filleann Odaiséas agus Uilixis beirt ar bhaile; ach áit a fhaigheann Odaiséas pálás lán le rógairí, tagann Uilixis abhaile lena bhean agus a mhac a fháil slán sábháilte ag fanacht air.

An difear is mó idir an Odaisé agus an Mherugud ná Dia sa scéal, agus measaimse go ndearna sin an-difríocht. Tá an chuma air go ndearna údar an Mherugud athscríobh ar an scéal le Dia a chuir isteach ann, agus mar gheall ar sin tá an scéal níos cneastaí, níos mánlaí, agus is deise an phríomh-charachtar. Is fearr an domhain gan na déithe phágánacha; agus má leanann tú briathar Dé, tiocfaidh tú slán.

Caolán Mac An Aircinn